Pilib MacCathmhaoil Stiúrthóir an Chomhlachta

Pilib MacCathmhaoil

Chaith Pilib níos mó ná deich mbliana ag obair ar thionscadail poiblí Ghaeilge agus i mbun feachtais le haitheantas a bhaint amach, ina measc bunadh an Chiste Craoltóireachta Gaeilge. I rith an ama sin bhí sé mar láithreoir raidíó páirtaimseartha agus ina aisteoir, agus faoi dheireadh bhunaigh sé a ghnó féin agus thosaigh sé Tobar Productions 10 mbliana ó shin.

Damian McCann Taighde agus léiriú

Damian McCann

Is Lurganach é Damian, ó Chontae Ard Mhacha, ach tá cónaí air i mBéal Feirste ó thosaigh sé ag staidéar i nOllscoil na Banríona (Gaeilge agus an Léann Ceilteach le Fraincis) i 2003. Agus an chéim bainte amach aige, glacadh leis ar an Scéim d’Iontrálaithe Nua de chuid an Coiste Craoltóireachta Gaeilge agus arís ar an scéim do Léiritheoirí faoi Oiliúint i 2008. Ó shin, tá sé ag obair mar léiritheoir ag Tobar Towers agus bhain sé triail as an stiúrthóireacht leis an chlár ‘Greim Gasta’ scil gur mhaith leis a fhorbairt sa todhchaí.

Ina am saor is grianghrafadóir amaitéarach é (cinecheamara ní digiteach!) agus andúileach na pictiúrlainne. Ba mhaith leis gearrscannán Gaeilge a dhéanamh sa todhchaí agus príomhscannán Gaeilge ina dhiaidh. An scannán is fearr leis ná ‘There Will be Blood’ an clasaiceach ó 2007. An albam is fearr leis ná ‘Pinkerton’ le Weezer, agus tá sé den bharúil nach bhfuil aon rud níos fearr faoin spéir ná ‘The Taking of Christ’ le Caravaggio.

Diarmuid Ó Tuama Forbairt na gClár

Diarmuid Ó Tuama

Is iar-mhúinteoir scoile agus príomhoide é Diarmuid. Theagasc sé le bliain is tríocha. Ba leor sin ag duine ar bith! Tá suim as cuimse aige i Spórt Gaelach. D’imir sé iománaíocht (go holc), peil (níos measa), agus liathróid láimhe.

Is breá leis bheith ag léamh agus leabhair staire is mó a thaitníonn leis. Tá suim aige sa ghairdín. Tá Diarmuid tar éis bheith ag obair páirt-aimsire le Tobar Productions ar feadh 5 bliain anois mar taighdeoir, comhairleoir teanga agus siamsóir an fhoireann.

Michaeline Donnelly Taighde agus léiriú

Michaeline Donnelly

De bhunadh an Omaigh ó dúchas, d’fhág Michaeline Tír Eoghan le staidéar a dhéanamh ar an Ghaeilge agus Béarla i nOllscoil na hÉireann Gaillimh. Bhog sí go Béal Feirste i 2010 le páirt a ghlacadh sa Scéim D’Iontrálaithe Nua de chuid an Chiste Craoltóireachta Gaeilge. Cuireadh le Tobar Productions í agus tá sí ann go fóill. Faoi láthair tá sí ag léiriú clár dá cuid féin faoin Chéad Chogadh domhanda. Sa todhchaí ba mhaith léi díriú isteach ar scríbhneoireacht agus forbairt. I measc na paisin atá aici tá an Ghaeilge, Breatnais, téatar, litríocht, taisteal agus cócaireacht.