Léiriúcháin

Daichead Bliain Ag Fás

Meán Fómhair 1972, Coláiste Mhaolmhaodhóg. Suíonn daltaí síos le chéile leis an scrúdú Gaeilge Ard Leibhéal a dhéanamh. Cé go bhfuil siad lán le muinín an óige agus dóchasach don am atá le teacht, tá an chathair ina dtimpeall lán le foréigean agus coimhlint. Filleann an ceathrar chuig a ndeasca scoile daichead bliain ina dhiaidh imeacht dóibh leis an saol agus ar ar tharla idir an dá linn a mheá agus a mheas. Is iad Cathal Goan (Iar Ard-Stiúrthoir RTÉ), Diarmuid Ó Tuama (Iarphríomhoide Bhunscoil Phobal Feirste), Malachy Doyle (Scríbhneoir leabhair do pháistí) agus Danny Brown (Craoltóir agus gníomhaí ar son na Gaeilge) an cearthrar a roinnfidh a dtuairimí agus a gcuimhneacháin