Léiriúcháin

Deis Roc

Léiríonn Deis Roc tallann úr ó shaolréim óg cheol na hÉireann. Rinneadh an tsraith a thaifead in Ollscoil na Ríona agus ba comhléiriú é idir Tobar agus Green Inc. Is é Deis Roc an t-aon seó in Éirinn a thug ardán do bhannaí úra seachtain i ndiaidh seachtaine agus tá lucht féachána óg iontach tugtha dó. Ba é an lucht féachána a thug votaí agus a roghnaigh na buaiteoirí.