Léiriúcháin

Slan a Bheas Mé

Ba é Gearóid Ó Cairealláin duine de na gníomhaí is mó i saol na Gaeilge le fíche bliain anuas gur bhuail stróc é ar 31ú Iúil 2006 agus is beag nach bhfuair sé bás. Bhí Gearóid taobh thiar de Lá, An Chultúrlann, Aisling Ghéar agus bhí sé ina iar-uachtarán ar Chonradh na Gaeilge. Thit sé i laige ina oifig féin agus taobh istigh de 24 uair dúradh go raibh an bás air. Ach ní mar a tchítear a bhítear agus bliain iomlán go díreach tar éis an stróic phós sé. Insíonn ‘Slán a Bheas Mé’ scéal Ghearóid agus ba é an 7ú clár is mó feicithe an tseachtain ar chraoladh é ar TG4 i Mí Eanáir 2008.