Léiriúcháin

Trí Shúile an Chait/ Cúla Cairde

Tá dhá shraith de ‘Trí Shúile an Chait’ comisiúnaithe agus déanta ag Tobar. Is sraith é seo le páistí ó aois 5 go 9 fud fad na hÉireann ag inse a scéaltaí féin. B’iontach an rud é gur moladh an tsraith do Irish Film and Television Award dhá bhliain as deis a chéile. Bhain Tobar an-sult go deo as na cláracha seo a chur le chéile agus tá súil againn níos mó cláracha do pháistí a chruthú amach anseo.